Tá clú agus cáil ar Bhaile Átha Cliath mar gheall ar scríbhneoirí iomráiteacha ar nós Jonathan Swift agus Oscar Wilde agus James Joyce, duine de na scríbhneoirí ba mhó tionchar agus ba nuálaí sa Bhéarla. Bronnadh ceithre cinn de Dhuaiseanna Nobel na Litríochta ar scríbhneoirí a raibh baint acu le Baile Átha Cliath - an drámadóir George Bernard Shaw, na filí W.B. Yeats agus Seamus Heaney, agus ar ndóigh Samuel Beckett nach raibh deireadh lena chuid buanna. De bharr na n-úrscéalaithe, na bhfilí, agus na ndrámadóirí móra sin, d’imir diaspóra Bhaile Átha Cliath tionchar thar na bearta ar an saol trí chéile, rud a thug eispéireas cultúrtha ar leith le cúrsaí litríochta - agus a scaip ag an am céanna an tionchar liteartha a bhí ag an gcathair ar fud an domhain mhóir.
Is sa chathair a bhronntar Dámhachtain Liteartha iomráiteach Bhaile Átha Cliath IMPAC, a bhuaigh Colm Tóibín in 2006. Bhuaigh na scríbhneoirí seo a leanas Duais Man Booker: Anne Enright (2007), John Banville (2005), Roddy Doyle (1993) agus Iris Murdoch (1978). Ba é Sebastian Barry, a bhí ar an ngearrliosta don Man Booker agus do Dhámhachtain Liteartha Bhaile Átha Cliath IMPAC, an t-údar a roghnaíodh don dara tionscnamh Dublin: Cathair Amháin, Leabhar Amháin in 2007 agus ba é a bhuaigh Dámhachtain Costa 2009. Léitear go fairsing leithéidí Maeve Binchy, Roddy Doyle, Joseph O’Connor, John Connolly, Marian Keyes, Cecelia Ahern, Deirdre Purcell, agus daoine nach iad agus tá clú agus cáil bainte amach ag a saothar go hidirnáisiúnta freisin.
Cruthaíonn ollscoileanna Bhaile Átha Cliath; trádáil bhríomhar foilsitheoireachta agus leabhar na cathrach; an réimse liteartha comhaimseartha atá inti a bhfuil borradh faoi; na leabharlanna agus saol cultúrtha, ealaíon agus sóisialta na cathrach íomhá chumhachtach den chathair mar chroí-áit don litríocht, agus mar áit a bhfuil ceangal cultúrtha aici ar gach leibhéal. Mar is dual do phríomhchathair na hÉireann, tá go leor d’institiúidí cultúrtha na tíre lonnaithe i mBaile Átha Cliath, lena n-áirítear an Leabharlann Náisiúnta, an Gailearaí Náisiúnta, Amharclann na Mainistreach (an Amharclann Náisiúnta), Músaem Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, Leabharlann Chester Beatty, Coláiste na Tríonóide agus an Ceoláras Náisiúnta. Tá an litríocht i gcreatlach Bhaile Átha Cliath, sna haibhneacha - Anna Livia de chuid Joyce, sa chomhrá a bhíonn ar siúl ann agus ar shráideanna na cathrach féin.
Tá trí cinn de na droichid is nuaí sa chathair ainmnithe in onóir na mór-uaisle liteartha - James Joyce, Seán O’Casey agus Samuel Beckett. Níl aon chathair eile ar domhan ina bhfuil an oidhreacht liteartha agus spreagadh cruthaitheach chomh tábhachtach sin, le tacaíocht ó sparánachtaí agus ó réimeas cánach náisiúnta dea-mhéiniúil, rud a chuireann ar chumas ealaíontóirí agus scríbhneoirí atá ina gcónaí in Éirinn leas a bhaint as díolúintí ar ioncam a shaothraítear ón obair chruthaitheach a bhíonn ar siúl acu.
Tugtar ómós do na daoine ar chabhraigh a saothar go mór leis na healaíona a chur chun cinn in Éirinn trí bhallraíocht a thabhairt dóibh in Aosdána, comhlacht arna bhunú ag an gComhairle Ealaíon, a léiríonn an luach dúchasach a thugann an stát don ról atá ag an ealaíontóir cruthaitheach sa tsochaí chomhaimseartha. Tugann Aosdána spreagadh agus cabhair dá chuid ball a gcuid ama go léir a thabhairt dá n-ealaín trí bhlianacht a chur ar fáil dóibh suas go dtí cúig bliana ar fhad. Cuireann na meáin chló agus chraolacháin saol liteartha agus cultúrtha Bhaile Átha Cliath chun cinn trí imeachtaí agus díospóireachtaí a reáchtáil, poiblíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí, urraíocht a thabhairt do dhuaiseanna liteartha agus trí thacú le scríbhneoireacht nua agus bhunaithe.
Ar bhonn idirnáisiúnta, bíonn éileamh seasta ar litríocht scríofa i mBéarla agus i nGaeilge. Le blianta fada anois, tá leabhair le scríbhneoirí Éireannacha á ndíol ar fud an domhain i ndíolacháin cearta, i gcomh-eagráin le foilsitheoirí eachtracha agus i bhfoirm aistriúchán. Is minic le foilsitheoirí Éireannacha na cearta ar theidil eachtracha a cheannach freisin; mar shampla, tá an foilsitheoir Gaeilge An Gúm tar éis os cionn 1,000 teideal clasaiceach agus móréilimh a aistriú ó chuid mhaith teangacha.



